ESA title
Back to Index Czech Danish Dutch English Estonian Finnish French German Greek Hungarian Italian Norwegian Polish Portuguese Romanian Spanish Swedish
Science & Exploration

N° 45–2021: Éirí Webb ar Ariane 5 ar thóir rún na cruinne

25 December 2021

D’éirigh Teileascóp Spáis James Webb ar roicéad Ariane 5 ó Spásfort na hEorpa i nGuáin na Fraince, ag 13:20 ALE ar an 25ú Nollaig ar mhisean corraitheach le rúin na cruinne a nochtadh.

Tar éis an lainseála agus an scaradh ón roicéad, dheimhnigh ionad rialú misin Webb i mBaltimore, SAM, gur chuir Webb a eagair fótavoltacha i bhfeidhm agus go bhfuil cuma mhaith air, rud a thugann le tuiscint gur éirigh go maith leis an seoladh.

 Le linn na míosa seo romhainn beidh Webb ag taisteal go dtí a cheann sprice – an dara pointe Lagrange (L2) . Ón gceantar sin, déanfaidh an teileascóp, gur comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, ESA agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é, an chruinne a iniúchadh san infridhearg.

 “Is ceiliúradh mór é seoladh Webb den chomhoibriú idirnáisiúnta, a rinne an misean seo den chéad ghlúin eile indéanta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine bainteach le dearadh, déanamh agus seoladh an teileascóip uaillmhianaigh seo, na daoine a chruthaigh eachtraí an lae inniu. Beidh amharc nua Webb ar ár gcruinne, maraon leis na fionnachtana a dhéanfaidh sé, ar fáil go luath,” a deir Josef Aschbacher, Ard-Stiurthoir ESA.

 “Léiríonn Teileascóp Spáis James Webb an uaillmhian, a choinníonn NASA agus ár gcomhphairtithe, chun muid a shá chun na todhchaí,” a deir Riarthóir NASA Bill Nelson. “Ní hé gealladh Webb amháin na fionnachtana a bhfuil muid ag súil leo; is é na nithe nach bhfuil aon tuiscint againn orthu fós. Tá mé ag tnúth leis an eolas atá le teacht!”

 “Táimid uilig ag CSA bródúil gur chuir muid ionstraim ríthabhachtacha leis an gcomhphairtíocht ollmhór idirnáisiúnta seo, mar chuid den iarracht domhanda chun an chéad léim mhór eile chun tosaigh san eolaíocht a dhéanamh. Tá réalteolaithe Cheanada ar bís ag tnúth le sonraí Webb a úsáid agus leis an tairbhe eolaíochta iontacha a chuirfidh an réadlann uathúil seo ar fáil,” a deir Uachatarán an CSA, Lisa Campbell.

Aistear Webb go dtí an spás

Bhí sé riachtanach réadlann Webb a fhilleadh go cúramach taobh istigh de shlímiú Ariane 5 , a athraíodh go speisialta don seoladh. Caitheadh an slímiú amach thart ar thrí nóiméad tar éis an éirí. Ansin chas Ariane 5 chun Webb a chosaint ó radaíocht na gréine. Tar éis 27 nóiméad, scaoileadh an teileascóp agus bhog an roinn uachtarach den roicéad as an mbealach.

 “Tá an-áthas agus bród orm gur fhreastal ilúsáidteacht agus iontaofacht Ariane 5 ar sheoladh mhisin chomh ceannrodaíoch seo. Seasann an éacht seo in ómós do ard-scileanna agus díograis na bhfoirne go léir ata páirteach ann,” a deir Daniel Neuenschwander, Stiúrthóir Iompar Spáis ag ESA.

 Bhí rannphairtíocht tábhachtach ag ESTRACK, an líonra stáisiún talamh ag ESA, chun Ariane 5 agus Webb a rianú tar éis éirí go dtí scaradh an teileascóip.

 Anois agus é sa spás agus ar an mbealach go L2, déanfaidh Webb sraith chasta de gníomhuithe oscailte . Sna míonna ina dhiaidh sin, déanfar na gléasanna a thosú agus a gcumas a dheimhniú. Tar éis leathbliana sa spás, tosnóidh Webb ar a ghnáthghrinnithe eolaíochta.

Amharc níos faide

Feicfidh Webb níos faide siar ná riamh: ó na chéad réaltra, go dti tús na réaltaí agus na bpláinéad, i dtreo eiseapláinéad - áiteanna gur féidir beatha a bheith iontu, agus go dtí ár ngrianchóras féin 

 “Is é bunús Webb ná brionglóid na réalteolaithe tús na chéad réaltraí a fheiceáil i luathaois na cruinne, ach beidh an teileascóp in ann i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a rabhthas ag súil leis,” a deir Günther Hasinger, Stiúrthóir Eolaíochta ESA.

 Sholáthraigh ESA dhá cheann de na ceithre ionstraim eolaíochta ar bord Webb: NIRSpec agus MIRI. “Is é ardchaighdean tionscail agus comhphobal eolaíochta na hEorpa is cúis le forbairt na ngléasanna compléasca seo,” a deir Günther.

 “Táimid ag tnúth leis na híomhanna agus speictrim álainne a chruinneoidh Webb. Tá comhphobal réalteolaíochta na hEorpa ag súil leis na chéad torthaí tar éis dóibh 33% den am bhreathnuithe sa chéad bhliain a bhaint in iomaíocht idirnáisiúnta  ,” a deir Antonella Nota, Eolaí Tionscadail ESA Webb.

 Beidh 15 réalteolaithe de chuid ESA ag obair ar rianú an teileascóip ar feadh fad an mhisin Webb.

Eolas breise

Gach nuacht faoi Webb 

Eolas láneagraithe ó ESA (ar fáil i 6 teanga éagsúil)

Bróisiúr idirghníomach ó ESA (ar fáil i 6 teanga éagsúil) 

Íomhánna

Íomhánna Webb 

Feachtas seoladh Webb ar Flickr

Íomhánna Ariane 5 

Cnuasach íomhánna le cur i gcló nó le haghaidh teilgin: https://www.esa.int/About_Us/Exhibitions/Webb 

 Téarmaí agus coinníollacha chun íomhánna ESA a úsáid:

www.esa.int/spaceinimages/ESA_Multimedia/Copyright_Notice_Images

Má tá ceist agat nó má tá tuilleadh eolais uait i dtaobh íomhánna ESA, seol ríomhphost díreach chuig spaceinimages@esa.int.

 

Físeáin

 Físeáin Webb 

Beochaintí Webb, físeáin do chraoltóirí gairmiúla 

 Físeáin den fheachtas seoladh Webb 

Téarmaí agus coinníollacha chun físeáin ESA a úsáid:

https://www.esa.int/spaceinvideos/Terms_and_Conditions

Má tá ceist agat nó má tá tuilleadh eolais uait i dtaobh físeán ESA, seol ríomhphost díreach chuig spaceinimages@esa.int.

Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

Soláthraíonn Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) geata na hEorpa don spás.

Is eagraíocht idir-rialtasach é ESA, a cruthaíodh i 1975, leis an misean chun forbairt chumas spáis na hEorpa a mhúnlú agus le cinntiú go soláthraíonn infheistíocht sa spás tairbhí do shaoránaigh na hEorpa agus an domhain.

Tá 22 Ballstát ag ESA: An Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Is Ballstáit Chomhlacha iad an tSlóivéin, an Laitvia agus an Liotuáin.

Tá comhar foirmiúil ag ESA le sé Bhallstát den AE. Glacann Ceanada páirt i roinnt clár ESA faoi Chomhaontú Comhoibrithe.

Trí acmhainní airgeadais agus intleachtúla a comhaltaí a chomhordú, is féidir le ESA tabhairt faoi chláir agus ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná scóip aon tíre Eorpaí amháin. Tá sí ag obair go háirithe leis an AE ar chláir Galileo agus Copernicus a chur i bhfeidhm chomh maith le Eumetsat chun misin mheitéareolaíochta a fhorbairt.

Foghlaim tuilleadh faoi ESA ag www.esa.int

 

Tuilleadh eolais:

Oifig Sheomra Nuachta agus Caidreamh Meán ESA – Ninja Menning

Ríomhphost: media@esa.int

Teil: +31 71 565 6409